Téarmaí agus Coinníollacha

Cé go bhfuil sé i gceist go mbeidh Carsharing.ie buntáistiúil do chách ba chóir do gach rannpháirtí a bheith fiosach faoi roinnt téarmaí & coinníollacha ginearálta:


Trí páirt a ghlacadh agus clárú a dhéanamh tuigeann tú agus tá ag glacadh leis na téarmaí & coinníollacha ginearálta thíos:


  • Chun críche an láithreáin ghréasáin seo, úsáidtear an téarma 'CarrRoinnt' sa bhrí turas carr a roinnt. D'fhéadfadh carr roinnteoirí a bheith ag lorg síob, ag tairiscint síob nó an dá rud. Tagraítear do CarrRoinnt freisin mar 'síob a roinnt', 'roinnt gluaisteáin' nó 'aistear feithicle' a roinnt.
  • Tá CarrRoinnt go hiomlán deonach agus níl tú faoi dhualgas d'aon sórt in aon chor páirt a ghlacadh sa scéim seo.
  • Agus beartaithe acu páirt a ghlacadh agus clárú déanta is féidir le rannpháirtithe CarrRoinnt a mballraíocht sa láithreán Carsharing a chur ar ceal uair ar bith trí logáil isteach agus an rogha 'Scrios amach Cuntas' a roghnú ó do phróifíl.
  • Tá gach rannpháirtí i dteideal tairiscint síob a dhiúltú nó socrúchán CarrRoinnt a chur ar ceal ar aon chúis agus gan argóna, iarmhairtí ná gearáin óna gcomhghleacaithe agus/nó rannpháirtithe eile de chuid CarrRoinnt.
  • I gcás turais a roinnt tá gach ball freagrach as ucht a s(h)ábháilteacht phearsanta féin. Molaimid, mar sin féin, go léifeadh tú na modhanna simplí sábháilteachta a leagtar amach ar an suíomh idirlín seo.
  • Tá dea-iompar riachtanach ó gach rannpháirtí lena n-áirítear iompar béasach agus cairdiúil chomh maith le poncúlacht le haghaidh coinní a reitíodh.
  • Glacann gach rannpháirtí leis go gcuirfidh siad a gcomhrannpháirtithe ar an eolas, chomh luath agus is féidir, sa chás go bhfuil síob á chur ar ceal, nuair nach féidir síob a thabhairt nó a bheith i láthair chun glacadh le síob, nó aon chur isteach eile ar na socruithe a cinneadh idir na rannpháirtithe.
  • Moltar do rannpháirtithe CarrRoinnt aontú a dhéanamh maidir le modhanna le haghaidh tréimhsí feithimh atá inghlactha don ghrúpa sa chás nach mbíonn rannpháirtí i láthair chun síob a thabhairt nó glacadh le síob. Tá moltaí le haghaidh bhun-rialacha dá leithéid leagtha amach ar an suíomh idirlín seo
  • Glacann gach tiománaí rannpháirteach le síobanna a sholáthar gan aon bhrabús a bheith i gceist (léigh tuilleadh). Moltar do gach rannpháirtí ranníocaíocht bhunúsach a shocrú chun costais an tiománaí a chlúdach le linn an tréimhse atá na síobanna ag dul ar aghaidh.
  • Ar chlárú sa chóras dóibh, stóráltar sonraíocht na rannpháirtithe uilig go slándáilte sa bhunachar sonraí agus ní thaispeántar ar-líne ach na sonraí atá ag teastáil chun CarrRoinnt a eagrú. Ní úsáidtear an sonraíocht a fhaightear ar aon chúis eile. Léigh ár bPolasaí Príobháideachta.
  • PNíl rochtain agus níl sé i gceist go mbeadh rochtain ag aon duine lasmuigh de ghrúpa príobháideach ionad oibre CarrRoinnt ar an ghrúpa sin. Is ag fostaithe ón ngrúpa amháin a bheidh rochtain ar a ngrúpa CarrRoinnt féin agus ní ag aon duine eile. Ní cheadaítear d'aon rannpháirtí, ar aon chúis, an córas CarrRoinnt a úsáid chun síobanna a thairiscint nó glacadh le síob ar son aon duine ach ar a s(h)on féin amháin.
  • Más ball de ghrúpa ionad oibre tú ní féidir le d'ionad oibre glacadh le dliteanas ar bith d'aon sórt, cibé ní is cúis leis, bíodh sé bainteach le daoine nó le sealúchas, de bharr ghníomhú na scéime seo nó de bharr na húsáide a bhaineann rannpháirtithe as.
  • Chomh fada agus gur chomh-fhostaithe amháin atá i ngrúpaí ionaid oibre, tá polasaithe agus nósanna imeachta caighdeánacha na heagraíochta i bhfeidhm maidir le haon féidireacht go dtarlódh ciapadh, bulaíocht nó leatrom agus caithfidh gach rannpháirtí aontú go gcloífidh siad leo.
  • Ní féidir leis an Údarás Náisiúnta Iompair ná a ngníomhaireachtaí ná iadsiúd a shanann an tÚdarás cúraimí dóibh, glacadh le dliteanas ar bith d'aon sórt, cibé ní is cúis leis, bíodh sé bainteach le daoine nó le sealúchas, de bharr ghníomhú na scéime seo nó de bharr na húsáide a bhaineann rannpháirtithe as.
  • Gach ceart ar cosaint. Forchoimeádann na tionscnóirí an ceart aon ghnéith den tionscnamh seo a athrú, a chur ar fionraí, a chur ar ceal ar feadh tréimhse éiginnte nó críoch iomlán a chur leis, in iomláine nó i bpáirt, tráth ar bith agus ar aon chúis a dhearbhaíonn na tionscnóirí é a bheith riachtanach.
  • Tá an suíomh idirlín carsharing.ie, na háiseanna clárúcháin agus na córais oibríochta á sholáthar agus á chur chun cinn ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar bhonn iomlán neamhthráchtálach agus ní fhabhraíonn aon bhuntáiste airgeadaíoch ná airgeadais ar an Údarás céanna
  • Is leis an Údarás Náisiúnta Iompair an cóipcheart don suíomh idirlín carsharing.ie agus do na coincheapa agus don ábhar a bhaineann leis.


Ba chóir aon cheist, imní nó ghearán a sheoladh chuig help@carsharing.ie.