Príobháideacht
Ar an leathanach seo leagtar amach polasaí an Údaráis Náisiúnta Iompair maidir le príobháideacht úsáideoirí an suímh idirlín carsharing.ie. Trí cuairt a thabhairt ar an suíomh seo tá tú ag glacadh le téarmaí an ráitis príobháideachta seo. Sa chás nach bhfuil tú sásta le téarmaí an ráitis príobháideachta seo agus nach mian leat go ndéanfar d'eolas a thaifeadadh, b'fhéidir go dteastódh uait an suíomh seo a fhágáil.
Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair cláraithe leis na Coimisinéirí Cosanta Sonraí.
Aithníonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair cearta a n-úsáideoirí agus seachas an liosta seo a leanas ní bhailíonn sé eolas pearsanta tríd an suíomh idirlín CarrRoinnt:
- Sonraí staitisticiúil a bhailítear go huathoibríoch nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh.
- Sonraí a sholáthraítear go deonach agus a n-úsáidtear le meaitseáil CarrRoinnt a dhéanamh.
- Sonraí a sholáthraítear go deonach i gcás scéal 'Mo CarrRoinnt' a leagan isteach.
- Agus tú ag clárú ar ár suíomh, mar is cuí, d'fhéadfaí go n-iarrfaí ort d'ainm, seoladh r-phost, rogha maidir le tobac agus do ghnéas a leagan isteach. Sa chás go bhfuil tú ag déanamh iarratas ar thuras nó ag faomhadh iarratas ar thuras tá sé roghnach duitse d'uimhir theileafóin a sholáthar.
- Anois agus arís d'fhéadfadh suirbhéanna a bheith ar bun againn chun go dtuigfimis níos fearr riachtanais ár mbaill agus feabhas a chur ar ár shainghnéithe. Uaireanta roinnimid na sonraí comhiomlánaithe ó na suirbhéanna seo leis an Roinn Iompair nó eagraíochtaí gaolta leis. Ní roinnimid riamh aon eolas mar gheall ar bhaill áirithe le haon tríú pháirtí gan toiliú sainráite an Bhaill sin.
- Tá do phasfhocal criptithe go hiomlán agus ní féidir le héinne (sinn féin san áireamh) breathnú air.
Úsáid Sonraí
- Úsáidimid eolas ó do ríomhphoist chun sainghnéithe meaitseála turais a sholáthar. Ar iarratas ball seolfaimid amach ríomhphoist ag fogrú don Bhall faoi hiarratas ar CarrRoinnt nó freagraí ar iarratais CarrRoinnt an bhaill.
- Freisin, soláthraimíd rogha don Bhall a ligean do Bhaill eile freagra a thabhairt ar phostú go díreach trína ríomhphoist.
- Féadfaimís freisin fógraí ríomhphoist a sheoladh chugat maidir le hathruithe sonracha ar ár Suíomh Idirlín agus/nó Áiseanna. Ní roinnimid riamh seoltaí ríomhphoist dhaoine aonair le haon triú pháirtí gan toiliú an bhaill, lenár bpáirtnéir-eagraíochtaí san Smarter Travel Workplaces san áireamh.
Ar mhaithe le brabhsáil ginearálta idirlín tá eolas áirithe taifeadta i gcomhaid loga an suímh idirlín, d'fhéadfaí go n-áirítear le sin:
- An t-ainm fearainn barr leibhéil óna bhfuil rochtain agatsa ar an idirlíon
- An seoladh IP den ríomhaire óna bhfuil rochtain agatsa ar an idirlíon
- An dáta agus an t-am a théann do ríomhaire isteach sa suíomh idirlín
- Na leathanaigh a osclaíodh agus na doiciméid a íoslódáladh trí gach ríomhaire
- Saghas agus leagan na brabhsálaithe á n-úsáideadh chun rochtain a fháil ar an suíomh idirlín
- Seoltaí aon leathanaigh ghréasáin triú pháirtí a threoraigh cuairteoirí chuig ár suíomh idirlín
- Eocharfhocail úsáidte in innill chuardaigh agus in eolairí le teacht ar ár suíomh idirlín
- Eocharfhocail agus frásaí úsáidte chun ár suíomh idirlín a chuardach
Úsáidtear an t-eolas seo chun críche staitisticiúil amháin - lena n-áirítear:
- le fios a fháil cé mhéad duine atá ag tabhairt cuairte ar an suíomh idirlín
- le fios a fháil cén leathanaigh is mó a ndéantar rochtain orthu
- le cabhrú linn feabhas a chur ar an eolas a sholáthraímid dár n-úsáideoirí
- leis an suíomh a dhéanamh níos furasta le húsáid
Cuirtear an t-eolas ar fáil do ghníomhaire den Údarás Náisiúnta Iompair. Soláthraíonn sé/sí siúd anailís agus seirbhís tuarascála don Údarás Náisiúnta Iompair. Tá deimhniú scríofa tugtha ag an ghníomhaire seo don Údarás Náisiúnta Iompair go gcloífidh sé/sí leis na dulagais chosanta shonraí cuí trí sonraí a choimeád slán agus gan aon úsáide a bhaint astu ach amháin an fheidhm ar soláthraíodh dó iad. Coimeádtar cartlann buan de na comhaid loga idirlín agus anailís agus tuarscálacha a bhaineann leis san Údarás Náisiúnta Iompair mar bhealach chun pátrúin thráchta idirlín a thomhas thar na blianta agus chun pleanáil sa todhchaí a eascú.
Anailíseacha Google
Úsáideann an láithreán gréasáin seo Anailíseacha Google (Google Analytics) (seirbhís anailíseach ghréasáin a sholáthraíonn Google, Inc. ('Google'). Úsáideann Anailíseacha Google 'cookies', sin iad comhaid théacsa a leagtar isteach i do ríomhaire chun cabhrú leis an suíomh idirlín anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann na húsáideoirí as an suíomh. Déantar an t-eolas a bhailíonn an cookie mar gheall ar d'úsáid den suíomh idirlín (do sheoladh IP san áireamh) a tharchur chuig Google agus stórálfaidh Google é i bhfreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an t-eolas seo ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar d'úsáid den suíomh idirlín, cuirfear le chéile tuarascálacha ar ghníomhaíocht súimh le haghaidh oibritheoirí suíomhanna idirlín agus le seirbhísí eile bainteach le gníomhaíocht suímh agus úsáid idirlín. Freisin d'fhéadfadh Google an t-eolas seo a aistriú chuig triú pháirtithe áit a leagan an dlí orthu é sin a dhéanamh, nó áit go bpróiseálann triú pháirtithe dá leithéid eolas ar son Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraíocht eile atá ag Google. Is féidir leat úsáid cookies a dhiúltú trí na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí a roghnú, tabhair ar aird le do thoil, má dhéanann tú é seo b'fhéidir nach mbeidh ar do chumas feidhm iomlán a bhaint as an suíomh idirlín. Trí úsáid a bhaint as an suíomh idirlín seo tá tú ag glacadh leis go bpróiseálfaidh Google eolas fútsa ar an mbealach agus chun na críche leagtha amach thuas.
Stóráil Eolais Pearsanta
Coimeádtar eolas pearsanta a leagtar isteach ar fhreastalaí de chuid agus faoi riar an Údaráis Náisiúnta Iompair nó de chuid ghníomhaireacht dá chuid, a sholáthraíonn seirbhísí óstála suímh idirlín agus/nó an bhogearra fholáireamh ríomhphoist. Tá an gníomhaire seo den Údarás Náisiúnta Iompair cláraithe leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí agus tá deimhniú scríofa faighte ag an Údarás Náisiúnta Iompair uathu go gcloífidh siad leis na dualgais chosanta shonraí chuí agus an t-eolas a choimeád slán agus gan é a úsáid ar aon chúis seachas é sin ar soláthraíodh dó é.
Chun críche cúltaca, stóráltar cóipeanna d'eolas pearsanta agus liostaí síntiúsóirí ar fhreastalaithe slándáilte ar a bhfuil rochtain chianrialaithe ag gníomhairí den Údarás Náisiúnta Iompair ar mhaithe le seirbhísí forbartha idirlín, seirbhísí cothabhála agus seirbhísí óstala a sholáthar.
Nochtadh eolas pearsanta
Is féidir ainmneacha agus contaetha na síntiúsóirí chuig an chomórtas 'Mo CharrRoinnt' a fhoilsiú ar an suíomh idirlín chomh fada agus go gceadaítear a scéalta.
Má chláraíonn ball le grúpa príobháideach tá sonraí an bhaill sin maidir le hainm, gnéas, rogha faoi thabac agus sonraí turais ar fáil do riarthóir an ghrúpa sin.
Ní dhíolaimid, ní thrádálaimid agus ní aistríonn muid d'fhaisnéis inaitheanta pearsanta chuig pháirtithe seachtracha. Ní áirítear le seo triú pháirtithe iontaofa a chabhraíonn linn ár suíomh idirlín a oibriú, ár ngnó a dhéanamh, nó seirbhís a thabhairt duitse, chomh fada agus go nglacann na páirtithe úd an fhaisnéis sin a choimeád faoi rún. D'fhéadfaimís d'fhaisnéis a scaoileadh freisin sa chás gur gá chun cloí leis an dlí, chun ár bpolasaithe suímh a chur i bhfeidhm nó chun ár gcearta féin nó cearta daoine eile, chomh maith le sealúchas agus sábháilteacht, a chosaint.
Slándáil d'fhaisnéis phearsanta
De bharr nádúr an idirlín ní féidir linn gealltanas a thabhairt maidir le slándáil eolais fad agus atá sé á tharchur chugainn tríd an idirlíon. Tógaimid ár bhfreagrachtaí slándála go han-dáiríre, ámh, agus tógaimid gach ghníomh réasúnach (teicniúil agus eagraíochtúil) chun d'fhaisnéis phearsanta a chosaint chomh luath agus a fhaigheann an tÚdarás Náisiúnta Iompair í. Cuirtear ar eolas na foirne atá rochtain acu ar fhaisnéis phearsanta faoi na dualgais Chosanta Sonraíochta. Tá aimneacha foirne atá rochtain acu ar an fhaisnéis seo ar fáil ar liosta ach é a iarraidh.
Do cheart rochtana ar fhaisnéis phearsanta
Is féidir leat sinn a chur ar an eolas maidir le hathruithe i d'fhaisnéis phearsanta agus de réir ár ndualgas faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1998 agus 2003 déanfaimid uasdátú nó scriosadh amach, mar is cuí, ar d'fhaisnéis phearsanta.
Cearta Pháistí
Cloímid go hiomlán le riachtanais ______ Acht), ní bhailimid faisnéis ó éinne faoi bhun ___ bliana d'aois. Tá ár suíomh idirlín dírithe ar dhaoine atá ar a laghad 18 bliana d'aois nó níos aosta.
Chun a fháil amach cén fhaisnéis atá againn ortsa nó chun an fhaisnéis sin a uasdátú, a leasú nó a bhaint dár gcomhaid le do thoil téigh i dteagmháil linn de réir na sonraí thíos.
Ráitis Phríobháideachta ar shuíomhanna idirlín triú pháirtí
Áit go soláthraíonn suíomh idirlín an Údaráis Náisiúnta Iompair nascanna chuig suíomhanna triú pháirtí, soláthraítear na nascanna seo ar mhaithe le faisnéis amháin agus níl an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as ábhar, cóipcheart ná polasaithe príobháideachta na láithreán sin.
Polasaí Príobháideachta Ar-líne amháin
Baineann an polasaí príobháideachta ar-líne seo le faisnéis a bailíodh tríd ár láithreán gréasáin amháin agus ní le faisnéis a bailíodh as-líne.
Téarmaí agus Coinníollacha
Le do thoil, tabhair cuairt freisin ar ár rannóg Téarmaí agus Coinníollacha a leagan amach na húsáidí, na clásáil shéanta agus na teorainneacha ar dhliteanas a rialaíonn úsáid ár suíomh idirlín anseo.
Athruithe ar ár bPolasaí Príobháideachta
Má chinnimid ár bpolasaí príobháideachta a athrú fógróimid ar an leathanach seo na hathruithe sin.
Teagmhálacha
Má tá aon imní ort faoi do phríobháideacht nó faoi aon cheist eile clúdaithe sa ráiteas seo le do thoil teigh i dteagmháil linn ag help@carsharing.ie.
