Ceisteanna Coitianta
- Cén fáth CarrRoinnt?
- Conas mar a oibríonn an Suíomh Idirlín seo?
- Cad a tharlaíonn sa chás nach bhfuil an CarrRoinnt ag obair i gceart?
- Cad a tharlaíonn sa chás go bhfuil mé déanach ag teacht le haghaidh mo síob nó nach féidir liom an turas fillte a dhéanamh sa tráthnóna?
- Conas mar a oibríonn cúrsaí airgeadais de?
- Cé chomh sábháilte agus atá an suíomh idirlín CarrRoinnt Carsharing.ie?
- Moltaí Sábháilteachta le haghaidh CarrRoinnt
- Moltaí Sóisialta le haghaidh CarrRoinnt
- Conas is féidir liom mo bhallraíocht a chur ar ceal?
- Cé a fhreagróidh ceisteanna breise atá agam?
- Cé atá i gceannas ar Carsharing.ie?
- Cad iad na téarmaí agus na coinníollacha?
- Cad é an Ráiteas Príobháideachta?
- Are there any publicity materials to publicise my Carsharing.ie Group?

Is féidir leat CarrRoinnt ar aon turas a dhéanann tú - dul ag obair, siopadóireacht sheachtainiúil, ag tabhairt na páistí ar scoil, ag dul ag an gcluiche ag an deireadh seachtaine, ag taisteal chuig féile nó chuig pósadh.
-
Conas mar a oibríonn an Suíomh Idirlín seo?
Breathnaigh ar ár dTeagascóireacht Físe le níos mó a fhoghlaim faoi conas mar a oibríonn an suíomh idirlín seo.
-
Cad a tharlaíonn sa chás nach bhfuil an CarrRoinnt ag obair i gceart?
Mura mbíonn na socruithe CarrRoinnt ag obair i gceart, ar chúis ar bith, agus go dteastaíonn ó ceachtar pháirtí tarraingt siar ón roinnt, tá áis ar an suíomh le fógra béasach, neamhfhoirmeálta a sheoladh chuig na páirtnéirí sa CarrRoinnt ag míniú dóibh nach bhfuil gá leis an gCarrRoinnt a thuilleadh.
Glacann rannpháirtithe uilig CarrRoinnt go bhfuil sé ceart go leor síob a dhiúltú nó deireadh a chur le socrúcháin CarrRoinnt tráth ar bith.
Ar ais go barr -
Cad a tharlaíonn sa chás go bhfuil mé déanach ag teacht le haghaidh mo síob nó nach féidir liom an turas fillte a dhéanamh sa tráthnóna?
Beidh gach CarrRoinnt difriúil, mar sin is faoi rannpháirtithe an CarrRoinnt na bealaí is fearr cumarsáide a phlé lena chéile. Nuair atá CarrRoinnt socraithe is féidir libh uimhreacha ghutháin phóca a mhalartú, agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine eile sa CarrRoinnt a chur ar fáil dá chéile. Ba chóir aon mhoill nó fhadhbanna a lua le do chompánaigh CarrRoinnt chomh luath agus is féidir.
-
Conas mar a oibríonn cúrsaí airgeadais de?
Molaimid go roinntear costais bhreosla, pháirceála agus dolaí i measc an tiománaí agus na bpaisinéirí. Tabhair ar aird nár chóir do thiománaithe brabús a dhéanamh as CarrRoinnt mar go bhféadfadh sé árachas agus cáin an tiománaí a chur ó bhail. Má tá aon imní ort, le do thoil, téigh i dteangmháil díreach le do chuideachta árachais. Comhairlíonn an Irish Insurance Federation nach gcuirfidh CarrRoinnt isteach ar árachas tiomána chomh fada agus:
- Nach bhfuil an feithicil tógtha nó curtha in oiriúint do níos mó ná ocht phaisinéirí lasmuigh den tiománaí.
- Nach bhfuil na paisinéirí á n-iompar mar chuid de ghnó paisinéirí a iompar.
- Ní dhéanann an t-úinéir brabús ó iomlán an airgid a fhaigheann sé/sí don turas.
- Déantar an comhaontú roimh thús an turais.
- If an insured person who is going to take part in a car sharing group has any doubt about their insurance cover, they should clarify same with their insurer.
Maidir le paisinéirí agus a gclúdach árachais:
- Tá clúdach árachais do phaisinéirí i gcarranna príobháideacha éigeantach faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre. Chomh fada agus go bhfuil an polasaí in ord níl aon fhadhb ann.
-
Cé chomh sábháilte agus atá an suíomh idirlín CarrRoinnt Carsharing.ie?
- Ní iarraimid ort riamh do sheoladh baile a leagan isteach. Is féidir leat do cheantar a roghnú trí phointe a phiocadh ar Léarscáil le Google. Ní gá gurb é do sheoladh baile cruinn atá i gceist - tá saoirse iomlán agat pointe a roghnú laistigh de cheantar ginearálta atá gar don áit ina bhfuil tú.
- Stóráltar sonraíocht na rannpháirtithe uilig go slándáilte sa bhunachar sonraí agus ní thaispeántar ar-líne ach na sonraí atá ag teastáil chun CarrRoinnt a eagrú. Ní úsáidtear an sonraíocht a fhaightear ar aon chúis eile agus ní féidir le baill eile sonraí a fheiscint ach sonraí maidir le hainm, turas atá i gceist, gnéas agus tabac/gan tabac, amháin.
- Fanann do ríomhphost faoi rún go dtí go lorgaíonn tú nó go nglacann tú le hachainí ar CarrRoinnt; tá rogha agat freisin d'uimhir theileafóin a chur isteach ag an bpointe seo.
- Is socrú atá go hiomlán deonach é CarrRoinnt. Mura mian leat dul ar aghaidh le CarrRoinnt ar chúis ar bith, tar eis duit clárú, tá saoirse iomlán agat ina thaobh seo agus glacann gach rannpháirtí le seo. Tá rogha 'Cuir Ballraíocht ar Ceal' ar fáil ag bun do Phróifíl - má roghnaíonn tú é seo bainfear do shonraí go léir den bhunachar go buan.
- Tá óstfreastalaí an suímh idirlín á bhainistiú laistigh d'áis úrscothach le ceann de na soláthróirí ósta is creidiúnaí in Éirinn. Déantar monatóireacht ar an áis seo ar bhonn 24/7.
- Chun cur leis an úsáid a bhaineann tusa as an suíomh CarrRoinnt Carsharing.ie bheartaíomar d'aon ghnó gan deimhniú slándála a úsáid chun tarchur sonraíocht a bhainistiú. Cuireann seo ar ár gcumas íoslódáil leathanaigh i bhfad níos tapúla a sholáthrú. Ag brath ar chumraíocht bhrabhsálaí, d'fhéadfadh roinnt úsáideoirí foláireamh slándála a fháil nuair a chláraíonn siad nó nuair a thugann siad a gcuid sonraí pearsanta suas chun dáta. Tá sé seo go hiomlán normáltha agus coitianta ar raon leathan de shuíomhanna gréasáin mór le rá.
Measaimid féin go gcuirfeadh deimhniú slándála isteach ar luas an suímh idirlín seo ar bhealach a laghdódh go mór ar inúsáidteacht don phobal. Bunaithe ar na pointí eile mínithe san Aonad Ceisteanna Coitianta seo tá leibhéal slándála ionsuite ag an suíomh ar chóir dó tú a shásamh ó thaobh aon imní a d'fhéadfadh a bheith ort. - Tá an tionscnamh seo ar oscailt don phobal. Mar sin féin déanfaidh furmhór na ngrúpaí príobháideacha atá bunaithe ar an suíomh rochtain a theorannú chuig grúpa áirithe dhaoine, déanfar seo trí seoladh ríomhphoist obair-bhunaithe áirithe nó paschód faoi leith, a bheith i gceist roimh chlárú.
- Is as a stuaim féin a théann CarrRoinnteoirí isteach i gcomhaontú CarrRoinnt agus úsáid a bhaint as an suíomh idirlín seo agus ní thitfidh aon dhliteanas ar an bhfostóir, ar na riarthóirí grúpa, na gníomhairí bainteach leis an suíomh idirlín ná ar an Údarás Náisiúnta Iompair. Tuigeann úsáideoirí agus glacann siad leis gur ar an mbonn seo a bhaineann siad úsáid as carsharing.ie agus/nó cinneadh a dhéanamh CarrRoinnt le duine eile.
-
Moltaí Sábháilteachta le haghaidh CarrRoinnt
I gcás turais a roinnt, tá gach ball freagrach as a sábháilteacht phearsanta féin. Mar sin féin, molaimid go léifeá na modhanna simplí sábháilteachta leagtha amach thíos.
- Don chéad uair bíodh áit phoiblí socraithe agaibh chun teacht le chéile.
- Ná malartaigh seoltaí baile le do chompánaigh taistil sula mbuaileann tú leo.
- Cuir cara nó ball clainne leat ar an eolas faoi cé atá tú ag taisteal leo, cathain agus go dtí cén áit.
- Taispeáin ID dá chéile m.s. pasanna, cártaí macléinn nó ceadúnais thiomána - ionas go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil tú ag taisteal leis an duine ceart.
- Fan i seilbh ar d'instinní, níl sé de dhualgas ort dul ar aghaidh le h'aon socrú de chuid CarrRoinnt. Má tá imní ar bith ort faoi do chompánach taistil, ar aon chúis, ní gá duit taisteal leis nó leí.
- Déan seic go bhfuil na doiciméid dhlíthiúla tiomána cuí ag an tiománaí, ar nós cheadúnas tiomána, árachas ghluaisteáin, an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG) agus cáin bhóthair.
-
Conas is féidir liom mo bhallraíocht a chur ar ceal?
Is féidir leat do bhallraíocht den suíomh carsharing.ie a chur ar ceal, tráth ar bith, trí logáil isteach agus an rogha 'Scrios Amach Cuntas' a ghlacadh ar do phróifíl.
-
Cé a fhreagróidh ceisteanna breise atá agam?
Má tá fadhb ar bith agat, le do thoil, seol ríomhphost chugainn ag help@carsharing.ie. Déanfaimid ár ndícheall cabhair a thabhairt in aon tslí is féidir linn agus freagra a chur chugat laistigh d\'aon lá oibre amháin.
-
Cé atá i gceannas ar Carsharing.ie
- Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a chuireann an tionscnamh Smarter Travel Workplaces chun cinn. Tá go leor fostóirí móra sínithe suas chun roghanna taistil inbhuanaithe a chur chun cinn mar Pháirtneirí den chlár Smarter Travel Workplaces.
- Is scéim í carsharing.ie a chuireann ar chumas daoine atá comaitéireacht chosúil le déanamh acu an turas a roinnt seachas tiomáint ina n-aonar. Ní réiteoidh CarrRoinnt fadhbanna tráchta leis féin, ach d'fhéadfadh sé a bheith mar chuid de mheascán modhanna iompair níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe.
- Más mian leat an tiomáint go léir a dhéanamh nó más mian leat suí siar agus do scíth a ligean nó beagán den dá rud, roghnóidh an suíomh CarrRoinnt páirtnéirí oiriúnacha CarrRoinnt duit, i do cheantar féin, agus cuirfidh sé ar do chumas dul i dteangmháil leo chun CarrRoinnt oiriúnach duitse a shocrú.
- Má tá tú ag lorg síob ach go bhfuil carr agat freisin smaoinigh go bhféadfá na turais a roinnt ar sceideal a shasaíonn tusa agus an tiománaí / tiománaithe eile araon. Is féidir libh é a aontú in bhur measc féin, de réir mar a théann sibh ar aghaidh.
-
Cad iad na téarmaí agus na coinníollacha?
Gliogáil anseo, le do thoil, chun Téarmaí agus Coinníollacha CarrRoinnt a léamh.
-
Cad é an Ráiteas Príobháideachta?
Gliogáil anseo chun an Príobháideachta a léamh.
Ar ais go barr -
Are there any publicity materials to publicise my Carsharing.ie Group?
You can download a carsharing poster and leaflet to publicise your group.
Ar ais go barr
