Molaimid iompar poiblí a úsaid, siúl nó rothaíocht, ach i gcás turas gur gá carr is é CarrRoinnt an bealach is fearr.

Cén buntáistí a bhaineann le carr a roinnt?

  • Sábhálann CarrRoinnt airgead duitse. Tá costais bhreosla ag ardú an t-am go léir, má roinneann tú do chomaitéireacht laethúil spárálfaidh tú airgead ar chostais bhreosla. Freisin spárálfaidh tú airgead ar dholaí bóthair agus chostais pháirceála. Le turasanna a roinnt laghdaítear caitheamh agus cuimilt d'fheithicil agus le níos lú úsáide tagann níos lú cothabhála, fad saoil charr níos faide agus níos lú deisiúcháin.

  • Laghdaíonn CarrRoinnt líon na gcarranna ar na bóithre. Laghdóidh sé seo brú tráchta agus laghdófar fad ama do thuras. Freisin le níos lú carranna ar na bóithre beidh páirceáil níos éasca, rud a d'fhéadfadh níos mó ama a spáráilt duitse. Is féidir le CarrRoinnt an strus a bhaint as tiomáint! Agus do chuid dualgas laethúla tiomána á roinnt agat beidh tú níos suaimhneasaí agus do cheann scríbe á bhaint amach agat.
  • Trí taisteal i ngrúpaí seachas leat féin amháin, laghdaíonn CarrRoinnt líon na bhfeithiclí aontaistealaithe ar ár mbóithre agus mar sin d'fhéadfadh CarrRoinnt truailliú agus astaíochtaí CO2 a bhaineann le húsáid feithiclí a laghdú. D'fhéadfadh aer agus timpeallacht níos glaine teacht de seo chomh maith le laghdú ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le hathrú aeráide.
  • Solathraíonn CarrRoinnt deis iontach chun bualadh le daoine nua ó d'áit chónaithe nó d'ionad oibre. Feicfidh tú go n-imeoidh an turas chun na h'oibre i bhfad níos tapúla agus tú i gcuideachta, agus is deis é chun líonra teangmhála a chothú agus bualadh le daoine ó ranna éagsúla i d'ionad oibre! B'fhéidir go laghdóidh do leibhéil strusa de bharr an spórt a bhaineann leis an turas a roinnt!
  • Agus dualgais thiomána á roinnt agat beidh suaimhneas ort agus do cheann scríbe á bhaint amach agat. Seans go bhfeicfidh tú gurb é ceann de na búntáistí is mó a bhainneann le CarrRoinnt ná an strus a thógáil amach as tiomáint - in ionad tús a chur leis an lá leis an bhfrustrachas a bhaineann le brú tráchta agus teacht ar spás páirceála bainfidh tú d'áit oibre amach réidh d'obair an lae!
 

Solathraíonn CarrRoinnt deis iontach chun bualadh le daoine nua ó d'áit chónaithe nó d'ionad oibre, le turas a roinnt agus sábháilt a dhéanamh ar chostas agus ar am taistil.